Fáilte ag suíomh idirlíne Ghaelscoil Uí Fhiaich!

Anseo i nGaelscoil Uí Fhiaich tá sá mar sprioc againn go mbeadh deis ag na páistí foghlaim in atmaisféar agus timpeallacht a chuirfeadh ar a suaimhneas iad. Tá sé mar phríomh aidhm againn go mbeadh sé ar chumas gach páiste foghlaim ar a luas féin agus as a stuaim féin. Tá sé tabhachtach dúinn go mbeidh deis ag na páistí réimse leathan taithí a bheith acu. Idir ealaín, ceol, spórt, obair le ríomhairí agus na gníomhaíochtaí éagsula eile a chuirtear a dhéantar sa scoil tá sé mar sprioc againn go bhfágfaidh páistí ár gcúram mar dhaoine follána, sochar agus réidh le páirt iomlán a ghlacadh sa sochaí. I ndeireadh na dála, tá súil againn go bhfágfaidh páistí Gaelsoil Uí Fhiaich le dea-chuimhneacháin ar an tréimhse a chaith siad linn.

Tá an suíomh idirlíne mar ghné den bhfís seo. Príomh chumhacht na hidirlíne ná gur bealach éifeachtach cumarsáide í agus tá sé mar aidhm againn go mbeimid in ann dul i dteagmháil lenár micléinn, tuismitheoirí agus leis an bpobal uile ar slí nua, éifeachtach seo. Idir eolas bunúsach, griangrafanna, polasaithe na scoile, áiseanna foghlama agus nuacht tá sé i gceist againn an saol scoile s'againne a sholéiriú agus a saibhriú ar bhealach níos eafeachtaí.

Tá súil agam go mbaineann tú taitneamh as d'am ar an suíomh seo agus ná deanaigí dearmad 'Mol an óige agus tiocfaidh sí'.

Le gach dea-ghuí,

Máirín.
Príomhoide